Roinn na Gaeilge

Fri, Mar 11, 2011

Seachtain na Gaeilge

Ceiliúfar Seachtain na Gaeilge ón 9ú lá go dtí an 16ú lá de Mhárta i gColáiste na Trócaire.
Osclóidh an ocáid le céilí mór den chéad bhliain tráthnóna Dé Céadaoin.Beidh neart imeachtaí eile ar siúl le linn na seachtaine ar nós Tráth na gCeist agus Comórtas na Seanfhocal.Eagraítear seisiún ceoil don am lóin Dé Céadaoin seo chugainn.Cuirfear seisiún iontach ar siúl ag na cailíní le ceoltóirí,damhsóirí gaelacha,damhsóirí ar an sean-nós agus amhránaithe den chéad scoth ag glacadh páirte ann.Leanfar ar aghaidh leis an gclub Gaeilge agus an ciorcal cainte mar is ngnáth i rith na seachtaine.